Campa Samhraidh Ghaelcholáiste Synge

06-Lúnasa-26
Campa Samhraidh Ghaelcholáiste Synge

Ag deireadh mhí Iúil, reáchtáil Gaelcholáiste Synge campa samhraidh seachtaine saor in aisce, le maoiniú ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Bhí an campa lán-Ghaeilge oscailte do dhaltaí i Rang a Ceathair, a Cúig agus a Sé ó na bunscoileanna sa cheantar.

D’éirigh thar barr leis an gcampa samhraidh le breis agus 30 dalta ag glacadh páirte. Bhí go leor imeachtaí ar siúl, mar shampla seisiún bodhráin le Traddrum, dornaclaíocht, cuairt ó Raidió RíRá, traenáil iománaíochta/camógaíochta le CLG Chaoimhín, rince hip-hop leis an rinceoir i Sinéad Ní Scolaí agus lá sa choill le Ruairí Shelley ó Scoil na Foraoise.

Ní hamháin go raibh na daltaí ag labhairt Gaeilge agus ag foghlaim scileanna nua, ach rinne siad cairde nua freisin. Tá súil ag Gaelcholáiste Synge go mbeidh an campa samhraidh seo ina imeacht bliantúil do pháistí ar spéis leo dul ar aghaidh go Gaelcholáiste Synge amach anseo.

Beidh Oíche Oscailte Ghaelcholáiste Synge ar siúl Dé Máirt, an 29ú Meán Fómhair ó 18:00 go 20:00, áit a mbeidh tuismitheoirí agus daltaí in ann bualadh le múinteoirí, ceisteanna a chur agus áiseanna na scoile a fheiceáil. Más mian leat fanacht suas chun dáta le haon nuacht ó Ghaelcholáiste Synge, lean gaelcholaiste_synge ar Instagram agus/nó seol ríomhphost chuig oifig@gcsynge.ie agus cuirfear thú ar an liosta seachadta.

At the end of July, Gaelcholáiste Synge ran a free week-long summer camp, funded by the Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. The Irish-language camp was open to pupils in Fourth, Fifth and Sixth Class from primary schools in the area.

The summer camp was a great success with over 30 pupils taking part. There were many activities on offer, such as a bodhrán session with Traddrum, boxercise with Dornaclaíocht, a visit from Raidió RíRá, hurling/camogie training with Kevin’s GAA, hip-hop dancing with dancer Sinéad Ní Scolaí and a day in the woods with Ruairí Shelley from Bushy Park Forest School.

Not only did the pupils speak Irish and learn new skills, but they also made new friends. Gaelcholáiste Synge hopes that this summer camp will become an annual event for children interested in progressing to Gaelcholáiste Synge in the future.

Gaelcholáiste Synge’s Open Night will be held on Tuesday, September 29th from 18:00 to 20:00, where parents and students will be able to meet teachers, ask questions and see the school facilities. If you would like to stay up-to-date with any news from Gaelcholáiste Synge, follow gaelcholaiste_synge on Instagram and/or email oifig@gcsynge.ie and you will be added to the mailing list.

Campa Samhraidh Ghaelcholáiste SyngeCampa Samhraidh Ghaelcholáiste Synge
MFómh 28
2026
Scoil Dúnta / School Closed
MFómh 29
2026
Oíche Oscailte / Open Evening
DFómh 13
2026
Scoil Dúnta / School Closed
DFómh 23
2026
Scoil Dúnta / School Closed
© 2026 Gaelcholáiste Synge