Ceol

Ceol

Tá páirt lárnach ag an gceol i gcultúr na hÉireann. Ba mhaith linn ár ndaltaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcomórtais cheoil. Tá roinnt comórtais difriúla ar fáil do Ghaelcholáistí. Tuilleadh eolais ar na naisc thíos.

Siansa Gael Linn (Comórtas Ceoil)

Is comórtas é seo do ghrúpaí ceoil traidisiúnta.

https://www.gael-linn.ie/en/events/siansa-gael-linn-music-competition/78-25/

Scléip Gael Linn

Is comórtas tallainne agus spraíúil é Scléip atá oscailte do na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge amháin, le béim ar na healaíona comhaimseartha. Tugtar deis do dhaltaí iarbhunscoile ceol agus amhráin a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.

https://www.gael-linn.ie/ga/deiseanna-usaide/scl%C3%A9ip-gael-linn-(com%C3%B3rtas-tallainne)/78-23/

Comhaltas

Bíonn roinnt comórtas gach bliain a thugann deis do cheoltóirí de gach aois a gcumas a léiriú ag leibhéil áitiúla, suas go dtí leibhéil Uile-Éireann.

https://comhaltas.ie/ways-to-take-part/competitions/

Oireachtas na Samhna

Buaicphointe na bliana do phobal na Gaeilge ná an tOireachtas. Tá comórtais cheoil éagsúla ar siúl anseo.

https://www.antoireachtas.ie/imeachtai-eile/sean-nos-na-fearsaide.html

MFómh 28
2026
Scoil Dúnta / School Closed
MFómh 29
2026
Oíche Oscailte / Open Evening
DFómh 13
2026
Scoil Dúnta / School Closed
DFómh 23
2026
Scoil Dúnta / School Closed
© 2026 Gaelcholáiste Synge