
Fáilte ón bPríomhoide Tánaisteach
Fáilte romhat chuig Gaelcholáiste Synge agus chuig suíomh idirlín ár bpobal foghlama nua. Osclóidh Gaelcholáiste Synge i mí Lúnasa 2026.
Gabhaimid buíochas ó chroí leis an bhfeachtas Gaelcholáiste 2468. Is iad scoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí an fheachtais seo an chúis go bhfuil Gaelcholáiste Synge á bhunú — chun tumoideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil i gcroílár na cathrach.
Ní gá bunscolaíocht i nGaelscoil chun freastal ar an nGaelcholáiste; osclaímid ár ndoirse do gach páiste a bhfuil suim aige nó aici i bhfoghlaim trí mheán na Gaeilge.
Is iar-bhunscoil chomhoideachais muid a chuireann oideachas den scoth trí mheán na Gaeilge ar fáil, le béim ar ár dteanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht Ghaelach i gcomhthéacs sochaí ilchultúrtha agus ilchineálach.
Aithnímid go mbíonn a mbuanna agus tréithe féin ag gach dalta, agus is é ár gcuspóir ná iad a spreagadh chun barr feabhais a bhaint amach i dtimpeallacht thaitneamhach, shábháilte agus thacúil.
Seasaimid go daingean lenár gcroíluachanna: An Ghaeilge, Díograis agus Meas. Tá sé mar dhualgas orainn na luachanna seo a spreagadh agus a chothú i ngach dalta ionas go mbeidh siad réidh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna a ghabhann leis an saol.
Tá súil againn go léireofar ar an suíomh seo fás agus forbairt an Ghaelcholáiste sna blianta amach romhainn. Táimid ag tnúth le pobal bríomhar, measúil agus spreagúil a thógáil le chéile, agus fáilte ó chroí romhat bheith mar chuid de.
Doras Feasa Fiafraí
Le meas,
Medb Ní Fhearghail
Príomhoide Tánaisteach
Welcome to Gaelcholáiste Synge and to our new learning community’s website. Gaelcholáiste Synge will open in August 2026.
Welcome to Gaelcholáiste Synge and to our new learning community’s website. Gaelcholáiste Synge will open in August 2026.
We would like to express our sincere gratitude to the Gaelcholáiste 2468 campaign. The students, parents and teachers of this campaign are the reason why Gaelcholáiste Synge is being established — to provide an all-Irish immersion education in the heart of the city.
You do not need to have attended a Gaelscoil to attend; we open our doors to every child, who is interested in learning through the medium of Irish.
We are a co-educational post-primary school that provides excellent education through the medium of Irish, with an emphasis on our Irish language, culture and heritage in the context of a multicultural and diverse society.
We recognise that each student has their own unique talents and characteristics, and our aim is to encourage them to excel in a pleasant, safe and supportive environment.
We stand firmly by our core values: the Irish language, Diligence and Respect. It is our duty to encourage and nurture these values in every student so that they are prepared to face the challenges and opportunities that life brings.
We hope that this website will reflect the growth and development of the Gaelcholáiste in the years to come. We look forward to building a vibrant, respectful and inspiring community together, and we warmly welcome you to be a part of it.
Doras Feasa Fiafraí – The door to wisdom is asking questions
Kind regards,
Medb Ní Fhearghail
Deputy Principal