Stair na Scoile

Stair na Scoile

Stair agus Oidhreacht

Bunaíodh Sráid Synge i 1864 agus ó shin i leith tá sí tar éis cáil a bhaint amach mar cheann de na scoileanna is mó le rá in Éirinn. Bhí sí dílis i gcónaí don fhís a leag Eamonn Rís síos: oideachas cuimsitheach den scoth a chur ar fáil, ag cothú feabhais acadúil, spiorad pobail agus forbairt phearsanta.

Cáil Acadúil

Tá cáil láidir acadúil ag an scoil le fada an lá. Bhí sí ina ceannródaí sa nuálaíocht, agus is í an chéad scoil a bhuaigh Comórtas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta ceithre huaire. Spreag múinteoirí mór le rá glúnta daltaí chun fiosracht agus cruthaitheacht a shaothrú.

Iarscoláirí Clúiteacha

Áirítear i measc iarscoláirí na scoile seo i mBaile Átha Cliath Taoiseach, Uachtarán agus pearsana mór le rá ó shaolta na meán agus an spóirt.
I measc na scoláirí clúiteacha ó Shráid Synge tá:

  • Cearbhall Ó Dálaigh, iar-Uachtarán na hÉireann.
  • Liam Cosgrave, Iar-Thaoiseach na hÉireann.
  • Gay Byrne, craoltóir agus pearsantacht meán a raibh tionchar ollmhór aige.
  • Eddie Jordan, fiontraí agus bunaitheoir fhoireann rásaíochta F1.
  • Anton O'Toole, réalta peile le foireann mhórchlúiteach Bhaile Átha Cliath.
  • Harry Boland, náisiúnaí agus réabhlóidí.

Tugann an liosta seo le fios gur áit í an scoil a chruthaigh ceannairí, ealaíontóirí, lúthchleasaithe agus smaointeoirí a raibh tionchar mór acu ar shochaí na hÉireann agus níos faide i gcéin.

Todhchaí Lán-Ghaeilge agus Comhoideachais

Ó Mheán Fómhair 2026, osclóidh an scoil caibidil nua: beidh sí ina Ghaelcholáiste lán-thumtha agus ina scoil chomhoideachais den chéad uair i stair 160 bliain. Tabharfar deis do dhaltaí buachaillí agus cailíní araon barr feabhais a bhaint amach i dtimpeallacht lán-Ghaeilge a thógann ar an traidisiún sármhaitheasa acadúil atá ag Sráid Synge leis na glúnta fada.

Gaelcholáiste 2468

Chuir an feachtas Gaelcholáiste 2468 fáilte roimh an bhfógra ón Iar-Aire Oideachais Norma Foley, TD agus ón Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice (ISER) ar 11 Meán Fómhair 2024 go ndéanfar CBS Synge Street a aistriú ó iar-bhunscoil Bhéarla go dtí Gaelcholáiste Synge.

Is forbairt ollmhór í seo agus tá poitéinseal ollmhór ann dár bpáistí go léir & dár bpobail scoile.

Bhí feachtas fada againn leis an nGaelcholáiste a bhaint amach. Ghlac 5 Ghaelscoil páirt san fheachtas: Gaelscoil Bunscoil Synge, Gaelscoil Eoin, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg agus Scoil Bhríde. Is iomaí gníomh a d’eagraigh muid le brú a chur ar an Aire Oideachais agus ar an Roinn Oideachais lenár nGaelcholáiste a cheadú. Bhí ár ndaltaí lasmuigh de Theach Laighean go rialta agus os comhair na Roinne Oideachais chomh maith ag éileamh na scoile. Bhí litreacha curtha chuig Daidí na Nollaig, Pop-Up Gaelcholáiste eagraithe, cruinnithe eagraithe le tuismitheoirí i dTeach an Ardmhéara agus sna scoileanna, rúin tacaíochta glactha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, cur i láthair déanta os comhair coistí Oireachtais, cruinnithe eagraithe le polaiteoirí go rialta, ceisteanna parlaiminte curtha sa Dáil agus an t-éileamh pléite sa Seanad, agus go leor leor eile. Tá ardmholadh ag dul do gach dalta, príomhoide, múinteoir, tuismitheoir, polaiteoir, iriseoir agus eile a thacaigh leis an bhfeachtas 2468 le 4 bliana anuas chun Gaelcholáiste a bhaint amach inár scoilcheantar.

Táimid an-sásta go bhfuil céimeanna shuntasach tógtha ó shin leis an scoil a fhorbairt, idir Comhordaitheoir Forbartha Fíona Uí Uiginn, Príomhoide Tánaisteach Medb Ní Fhearghail agus múinteoirí eile ceaptha, próiseas earcaíochta daltaí tosaithe agus eile. Guíonn muid gach rath ar an obair seo ar fad.

Ní neart go cur le chéile.

Julian de Spáinn, Cathaoirleach Coiste an Fheachtais Gaelcholáiste 2468

History and Heritage

Synge Street was founded in 1864 and has since established itself as one of Ireland’s leading schools. It has always been true to the vision set out by Edmund Rice: to provide a comprehensive education of the highest quality, fostering academic excellence, community spirit and personal development.

Academic Reputation

The school has a long-standing strong academic reputation. It has been a pioneer in innovation, and is the first school to win the Young Scientist and Technology Competition four times. Renowned teachers have inspired generations of students to pursue curiosity and creativity.

Notable Alumni

Alumni of this Dublin school include a Taoiseach, a President and prominent figures from the worlds of media and sport.
Notable alumni from Synge Street include:

  • Cearbhall Ó Dálaigh, former President of Ireland
  • Harry Boland, national leader and revolutionary
  • Gay Byrne, broadcaster and media personality
  • Liam Cosgrave, former Taoiseach
  • Anton O’Toole, soccer star with the famous Dublin team
  • Eddie Jordan, entrepreneur and founder of a F1 racing team

This list shows that the school is a place that has produced leaders, artists, athletes and thinkers who have had a major impact on Irish society and beyond.

Irish-medium and Co-educational Future

From September 2026, the school will open a new chapter: it will become a fully-immersion Gaelcholáiste and a co-educational school for the first time in its 160-year history. Both boys and girls will be given the opportunity to excel in an Irish-medium environment that builds on Synge Street’s tradition of academic excellence for generations.

Gaelcholáiste 2468

The Gaelcholáiste 2468 campaign welcomed the announcement by former Education Minister Norma Foley, TD and the Edmund Rice Schools Trust (ERST) on 11 September 2024 that CBS Synge Street will transition from an English-medium post-primary school to Gaelcholáiste Synge.

This is a huge development and has huge potential for all our children & our school communities.

We have had a long campaign to achieve the Gaelcholáiste. 5 Gaelscoileanna took part in the campaign: Gaelscoil Bunscoil Synge, Gaelscoil Eoin, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg and Scoil Bhríde. We organised many actions to put pressure on the Minister for Education and the Department of Education to approve our Gaelcholáiste. Our students were regularly outside Leinster House and also in front of the Department of Education demanding the school. Letters were sent to Santa, a Pop-Up Gaelcholáiste set up, meetings were organised with parents in the Mansion House and in schools, resolutions of support were adopted by Dublin City Council, presentations were made before Oireachtas committees, meetings were organised with politicians regularly, parliamentary questions were put in the Dáil and the demand was discussed in the Seanad, and much, much more. Every student, principal, teacher, parent, politician, journalist and others who supported the 2468 campaign over the past 4 years to achieve a Gaelcholáiste in our school district are to be commended.

We are very pleased that significant steps have been taken since then to develop the school, between Development Coordinator Fíona Ó Uiginn, Deputy Principal Medb Ní Fhearghail and other teachers appointed, the student recruitment process has begun and more. We wish all this work every success.

There's no strength without unity.

Julian de Spáinn, Chairperson of the Gaelcholáiste 2468 Campaign Committee

Stair na ScoileStair na ScoileStair na ScoileStair na ScoileStair na Scoile
MFómh 28
2026
Scoil Dúnta / School Closed
MFómh 29
2026
Oíche Oscailte / Open Evening
DFómh 13
2026
Scoil Dúnta / School Closed
DFómh 23
2026
Scoil Dúnta / School Closed
© 2026 Gaelcholáiste Synge